Amhranaí
Óró Sé do Bheatha Bhaile
Óró sé do bheatha bhaile, Óró sé do bheatha bhaile, Óró sé do bheatha bhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhoal ag teacht thar sáile, Ólaigh armtha léi mar gharda Gaeil iad féin, ‘s ní Gaill ná Spáinnigh, S’ cuirfidh ruaig ar Ghallaibh. Óró sé do bheatha bhaile Óró sé do bheatha bhaile Óró sé do bheatha bhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. |
Amhrán na gCupán
Tá an ticéad a'am don bhealach fada Dhá bhuidéal uisce don thuras Is ba bhreá liom cara a bheith in éindí liom Mé ag fágáil amárach, mbeidh tú liom? Nuair 'tá mé imithe Nuair 'tá mé imithe Aireoidh tú uait mé 's gan mé ann Aireoidh tú uait mé 's mo aoibh Aireoidh tú uait mé 'chuile thaobh Ó, aireoidh tú uait mé 's gan mé ann Tá an ticéad 'am don bhealach fada Tá an saol mór ag fanacht liom Measc na sléibhte, taobh na habhann Ait a bhíonn an t-aer breá úr Beidh sé i bhfad níos fearr leat a stóir Nuair 'tá mé imithe Nuair 'tá mé imithe Aireoidh tú uait mé 's gan mé ann Aireoidh tú uait mé 's me ag caint Aireoidh tú uait mé 's mé ag seinnt Ó, aireoidh tú uait mé 's gan mé ann |
Ámhrán na bhFinn
Sinne Fianna Fáil A tá fé gheall ag Éirinn, buion dár slua Thar toinn do ráinig chugainn, Fé mhóid bheith saor. Sean tír ár sinsir feasta, Ní fhagfar fé'n tiorán ná fé'n tráil Anocht a théam sa bhearna bhaoil, Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil Le guna screach fé lámhach na bpiléar Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann. Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe, Ba bhuachach ár sinsir romhainn, Ag lámhach go tréan fé'n sár-bhrat séin Tá thuas sa ghaoith go seolta Ba dhúchas riamh d'ár gcine cháidh Gan iompáil siar ó imirt áir,'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann. |